Imirce: Bhí 4 ina theaghlach, fuair deartháir leis bás óg, nuair a bhí sé 6 mhí d’aois. Ba John a ba shine den teaghlach. D’imigh beirt acu ar imirce go Sasana, tá a dheirfiúr thall in Albain go fóill. Bhí an mhórchuid ag imeacht san am sin ar imirce. De réir a chéile tréigeadh an baile (Mín an Líonachán) go dtí nach raibh fágtha ach fear amháin. Cheannaigh John teach beag ag Taobh a’ Locha, an áit a bhfuil cónaí air anois suas le 15 bliana.